Is áibhéil mhór iad na tuairiscí faoi mo bhás,” a scríobh an t-údar Meiriceánach, Mark Twain.
D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Ghaelscoil an Lonnáin ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste, naíscoil agus bunscoil atá suite i gceann de na ceantracha is mó atá faoi mhíbhuntáiste sna Sé Chontae.
Is beag scoil áit ar bith nach bhfuil thíos le heaspa maoinithe ó Rialtas na Breataine ach tá pobal Ghaelscoil an Lonnáin réidh le troid a dhéanamh ar son a scoile agus ar son na mbuntáistí a eascraíonn as an Ghaeloideachas.
Tá feachtas ar bun anois le tuismitheoirí úra a mhealladh chun na scoile in ainneoin na n-ainneoin, mar a mhínigh príomhoide na Scoile, Ciarán Mac Ailín, fear a chaith sé bliana ag teagasc i Shanghaí na Síne.
“Bhí buairimh éagsúla ag gobharnóirí na scoile, mar sin, chinn siad tús a chur le comhairliúchán faoin áit a dhruidim,” ar sé.
Bhain na fadhbanna seo le cóiríocht, le buiséad agus le go leor eile.
Cuireadh tús leis an chomhairliúchán i mí Meán Fómhair agus labhair na gobharnóirí le tuismitheoirí na scoile agus leis an fhoireann ar fad lena ndearcadh a fháil ar an bhealach chun cinn.
“Rud a bhí iontach soiléir ón áischothú a fuair muid,” arsa Ciarán, “ná go raibh an pobal go dubh in éadan dhruidim na scoile.
“Ar na rudaí is mó a d’fhoghlaim muid ná go raibh na tuismitheoirí s’againn iontach sona faoin oideachas a bhí á fháil ag a gcuid páistí ach thuig muid go raibh orainn an dea-scéal sin a chraobhscaoileadh chuig an mhórphobal timpeall orainn.
“Is scoil an-bheag í Gaelscoil an Lonnáin ach tá neart buanna aici ar chóir iad a cheiliúradh agus iad a roinnt ar dhaoine le cur in iúl dóibh gur ann dúinn go fóill agus go mbeidh muid ann feasta,” arsa Ciarán.
Bunaíodh Gaelscoil an Lonnáin i Sráid na Beairice gar do lár Bhéal Feirste i 1998 ach d’aistrigh siad go dtí an suíomh úr s’acu trí nó ceithre bliana ina dhiaidh sin. Dul chun cinn a bhí ann cé go raibh an foirgneamh “ur” ina raibh siad thar a bheith sean.
Réiteach sealadach a bhí ann agus níor chreid pobal na scoile go mbeadh siad ann ar feadh 20 bliain!
Chuaigh siad i mbun cainteanna leis an Roinn faoi fhadhb na cóiríochta – mar a rinne go leor bunscoileanna eile sa cheantar agus, leis an cheart a thabhairt don Roinn, chuir siad £200,000 ar fáil le dul i ngleic le cuid de na fadhbanna a chuir Ciarán ar a súile dóibh.
“Leis an airgead sin, chuir muid fuinneoga úra isteach, urláir úra, clósanna, leithris úra agus mar sin de,” arsa Ciarán.
“Tá an foirgneamh níos fearr anois ná mar a bhí sé le 20 bliain anuas ach tá muid go fóill gann ó thaobh spásanna éagsúla.”
Sin ráite, tá teacht ar áiseanna riachtanacha ag Gaelscoil an Lonnáin sa cheantar máguaird. Deir Ciarán go n-amharcann sé ar Íochtar na bhFál mar champas scoile.
“Tá Páirc Dunville in aice láimhe; má tá halla spóirt de dhíth orainn, tá muid ag obair i gcomhpháirt le Clonard Youth Club; má tá seomraí ríomhairí de dhíth orainn, tá Leabharlann na bhFál béal dorais, mar sin de, ní théann na páistí gann,” arsa Ciarán.
Tá sé amhlaidh cionn is go bhfuil dáimh mhór ag bunadh an cheantair leis an scoil, dar leis an phríomhoide ach deir sé go mbeadh sé go mór le leas na bpaistí dá mbeadh na háiseanna sin ar fad ar fáil san aon áit amháin.
“Bhí muid i dteagmháil le Comhairle na Gaelscolaíochta agus tá suíomh fóirsteanach aimsithe sa cheantar agus tá muid iontach dóchasach go mbeidh sin ar fáil.
“Tuigeann muid go mbeadh an duine ar leo an suíomh thar a bheith sásta go mbeadh an scoil lonnaithe ansin ach tá sé go luath sa phróiseas sin agus tá muid go fóill i mbun plé faoi i láthair na huaire,” ar sé.
Deir Ciarán go n-aithníonn bunadh Íochtair na bhFál na buntáistí a bhaineann leis an oideachas trí mheán na Gaeilge.
Níl mórán Gaeilge ag tuismitheoirí na bpáistí atá anseo ach nuair atá siad mar chuid de phobal na scoile, fanann siad ann, a deir sé.
“Aithníonn siad gur bua atá sa dátheangachas ach tá buanna breise ag scoil bheag cosúil linne.
“Cluin muid go minic faoin cé chomh mór is atá líon na bpáistí i ranganna, faoi na riachtanais ar fad atá ag páistí nach bhfuil go leor múinteoirí le bheith ag riar orthu cionn is go bhfuil na ranganna ró-mhór ach a mhalairt atá fíor i nGaelscoil an Lonnáin.
“Tá muid ábalta riar ar na riachtanais sin agus a bheith i dteagmháil rialta le tuismitheoirí.
“Deirim go bhfuil muid cosúil le scoil bheag faoin tuath i gcroílár na cathrach.
“Tá aithne agam ar gach páiste agus ar gach tuismitheoir sa scoil, mar shampla. Mar phríomhoide, is deas sin a rá.
“An rud is tábhachtaí agamsa ná daoine. Má tá daoine maithe agat ag teagasc agus má tá clú ar an chaighdeán oideachais atá ar fáil, tógtar gach rud thart air sin.” arsa an tUasal Mac Ailín atá mar phríomhoide ar Ghaelscoil an Lonnáin le dhá bhliain go leith.
Tá múinteoirí óga i ndiaidh toiseacht agus iad ag déanamh rudaí iontacha, dar le Ciarán, agus tá dearfacht iontach fud fad na scoile ag cur na rudaí is tábhachtaí leis, cúram agus sonas na bpáistí, chun cinn.
Tá rang naíscoile i nGaelscoil an Lonnáin le múinteoir amháin agus ranganna 1-7 ar a bharr sin.
“Is Gaelscoil muid ar Bhóthar na bhFál agus dálta na nGaelscoileanna eile, cuireann muid doideachas den scoth ar fáil,” arsa Ciarán.
“Aithníonn bunadh an cheantair gur scoil í seo atá ar thuras le cúpla bliain anuas agus tá mé iontach dóchasach go dtiocfaidh fás uirthi, go meallfaidh sé níos mó daltaí sna blianta atá romhainn.”
Is féidir gach eolas faoi Ghaelscoil an Lonnáin a fháil ag gaelscoilanlonnain.com nó ó info@gaelscoilanlonnain.belfast.ni.sch.uk